An foirm iarratas do Comortas na mBailte Slachtmhara 2021

 

 

 

 

 

                            FÁILTE GO BHÉAL ÁTHA’N GHAORTHAIDH

 

Molaimid duit go láidir an chuid Conas d’Fhoirm Iontrála a Chomhlánú ag tús Leabhrán na Foirme Iontrála agus Téarmaí agus Coinníollacha 2021 atá ar fáil ar www.tidytowns.ie a léamh sula gcomhlánaíonn tú an fhoirm seo.

 

                              Fís Fáilte https://photos.app.goo.gl/c8Amnip5UpMdq7yTA

                              A Mholtóir féach ar an fís seo le do thoil!

 

 

Léarscáil do sráidbhaile Bhéal Átha’n Ghaorthaidh.

https://www.google.com/maps/d/u/1/edit?mid=1EQ-RV31Wx_SMAtiOQ-aqH5GaFUpTQ1Rl&usp=sharing

Féach A – Foirm Iarratais do Chomórtas na Bailte Slachtmhara 2021

Féach A1 – Plean 5 bliana.

Féach A2 – Plean Forbartha Bhéal Átha’n Ghaorthaidh.

Féach A3 – Ár aighneachtaí do dréacht plean an Chontae ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh.

 

FAOI TÚ FÉIN

Ainm do Bhaile / an Cheantair / an tSráidbhaile / an Oileáin: Béal Átha’n Ghaorthaidh, Co. Chorcaí

Ainm do Bhaile / an Cheantair / an tSráidbhaile / an Oileáin i nGaeilge:

Contae: Chorcaí

Roghnaigh do Réigiún* Lár Tíre & an tOirthear, An tIarthuaisceart & an tIarthar, An tIardheisceart & an tIarthar Láir, An tOirdheisceart:   An tIardheisceart (Iarthar Chorcaí)

Sonraigh d’Údarás Áitiúil: Comhairle Contae Chorcaí

An bhliain iontrála is déanaí:2019

Ainm na hEagraíochta: Coiste Bailte Slachtmhara, Bhéal Átha’n Ghaorthaidh

Ainm Teagmhála: Máire Uí Longaigh

Seoladh: An Choill Mhór, Béal Átha’n Ghaorthaidh, Co. Chorcaí

Suíomh Measta

B’fhéidir nár thug do bhreithneoir cuairt ar do cheantar roimhe seo agus mar sin déan cur síos gairid ar an áit a bhfuil do bhaile nó sráidbhaile suite laistigh de do chontae, e.g. Xkm ó thuaidh / theas srl den bhaile mór is gaire, nó tabhair uimhir an bhóthair ar a bhfuil do bhaile suite. Cuir isteach Eircodes na bhfoirgneamh sainchomhartha i do shráidbhaile / baile, leabharlann, séipéal, stáisiún garda srl. Cuir an Eircode le haghaidh áiseanna poiblí i do shráidbhaile / baile san áireamh. Tá soiléireacht iomlán ríthábhachtach.

Tá sráidbhaile Bhéal Átha’n Ghaorthaidh suite i ndeisceart Ghaeltacht Mhúscraí ar bhóthar an R584, thart ar 17km ó dheas ó Bhaile Mhúirne, 25km siar ó Mhaigh Chromtha agus 28km soir ó Bheanntraí.

Fón: 086 8870562

Ríomhphost: mauralo@hotmail.com

Seoladh idirlín nó Meán Sóisialta: bealatha.ie

https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/

Catagóir Daonra

Cuir tic i do chatagóir daonra agus cuir isteach an daonra iarbhír (bunaithe ar an Daonáireamh is déanaí). Mura bhfuil tú cinnte, seiceáil é le do thoil leis an bPríomh-Oifig Staidrimh www.cso.ie nó le d’Údarás Áitiúil. D’fhéadfadh do mholtóir a sheiceáil an bhfuil an catagóir cheart roghnaithe agat.

Cuir an daonra iarbhír isteach anseo: 240 sa sraidbhaile & 750 duine sa cheantar trí chéile.

 

Daonra na Catagóire Duaise

Sráidbhaile                A (Faoi 200)                                  X B (idir 201 agus 1,000)

Baile Beag                 C (idir 1,001 agus 2,500)            D (idir 2,501 agus 5,000)

Baile Mór                   E (idir 5,001 agus 10,000)          F (idir 10,001 agus 15,000)

Ionad Mór Uirbeach G (idir 15,001 agus 25,000)       H (idir 25,001 agus thairis)

DEARBHÚ

Trí shíniú thíos, tuigim agus aontaím a bheith faoi cheangal ag téarmaí agus coinníollacha an Chomórtais SuperValu Bailte Slachtmhara agus toilím na sonraí pearsanta atá san fhoirm seo a scaoileadh chuig printéirí chun cuirí a phostáil, foirmeacha iontrála, leabhair thorthaí nó cáipéisíocht eile chun críche Comórtas SuperValu Bailte Slachtmhara agus tionscnaimh ghaolmhara eile a riar. Tugaim toiliú freisin go scaoilfear na sonraí seo chuig Breithneoirí Bailte Slachtmhara mar chuid den Fhoirm Iontrála ar a bhfuil ár mbreithiúnas bunaithe. Tuigim go gcuirfear in iúl do na printéirí atá ar conradh chun an obair seo a dhéanamh gur cheart na sonraí go léir a scriosadh nuair a bheidh an tasc sonrach curtha i gcrích.

Tuigim go gcoinneoidh an Roinn Sonraí Pearsanta a sholáthraítear san fhoirm seo ar

feadh tréimhse 3 bliana chun foirmeacha iontrála agus faisnéis a bhaineann go díreach leis an gcomórtas a dháileadh.

Tuigim gur féidir liom mo thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith chun an fhaisnéis seo a stóráil nó a úsáid ar an mbealach seo trí scríobh chuig an Aonad Bailte Slachtmhara ag rá go bhfuil mo thoiliú á tharraingt siar agam.

Sínithe (thar ceann an iontrálaí)   Máire Uí Longaigh      Dáta 01/07/2021

 

Le do thoil lean na nascanna a bhaineann le aon pictiúir d’obair nó feachtas a bhí againn ó 2019 ar aghaidh.

 

Seo leanas an nasc don suíomh bealatha.ie.

https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/

* Féach liosta na gcontaetha in aghaidh an réigiúin i dTéarmaí agus Coinníollacha 2021 ar www.Bailte Slachtmhara.ie

 

 

 

 

GRADAM POBAIL COVID-19 –

“FANACHT LE CHÉILE NUAIR A TÁIMID SCARTHA Ó CHÉILE”

DUAISCHISTE €5,000

Urraithe le SuperValu

 

Ó tháinig Covid-19 chun ár dtíre, b’éigean do phobail oiriúnú chun déileáil leis na dúshláin iomadúla a cuireadh i láthair le linn na paindéime. Le go leor de na saorálaithe ag cócaráil agus daoine eile nach raibh in ann teacht le chéile chun pleanáil don chomórtas nó chun obair thionscadail a dhéanamh, b’éigean do ghrúpaí Bailte Slachtmhara athléimneacht a thaispeáint agus teacht ar bhealaí nua chun an obair iontach atá déanta le blianta fada a choinneáil.

Maidir leis an dámhachtain seo, táimid ag iarraidh ar ghrúpaí a rá leis an moltóir na céimeanna a ghlac siad chun a bpobal a choinneáil, ceangailte, gafa agus is tábhachtaí ar fad, conas a choinnigh siad fócas agus dearfach. Cuirfidh an moltóir na pointí seo san áireamh don dámhachtain speisialta seo do 2021 agus don mharc foriomlán a thugtar do gach grúpa sa phríomhchomórtas.

Seasfaidh gach grúpa a chomhlánaíonn an chuid seo chun marcanna a fháil sa chomórtas agus breithneofar iad freisin don “Dámhachtain Pobail Covid-19”.

Roghnófar grúpa iomaitheora as gach ceann de na ceithre réigiún, agus gheobhaidh gach grúpa iomaitheora € 1,000. Ansin gheobhaidh an buaiteoir foriomlán € 1,000 breise.

Le haghaidh tuilleadh sonraí féach ar www.Bailte Slachtmhara.ie nó www.supervalu.ie

B’ait an mac an saol do gach éinne le breis agus bliain anuas agus mar choiste theastaigh uainn, i gcomhar le Coiste Forbartha Béal Átha’n Ghaorthaidh, a chur ina luí ar an bpobal áitiúil cé nach bhfuilimid i dteannta a chéile go fisiciúil, go bhfuilimid ar fad le chéile sa chomhrac i gcoinne ráig an choróinvíris. Thug Coiste Bailte Slachtmhara Béal Átha’n Ghaorthaidh faoi réimse tograí éagsúla chun an pobal a choimeád nasctha le chéile i rith na paindéime, ina measc bhí na tograí seo a leanas:

 

Nuachtlitir Béal Átha Abú: I rith na paindéime mhothaigh an coiste go raibh tábhacht thar cuimse leis an nuachtlitir leictreonach seachtainiúil Béal Átha Abú chun pobal Bhéal Átha’n Ghaorthaidh ó chian is ó chóngar a choimeád nasctha le chéile. D’oibrigh an coiste bailte slachtmhara i gcomhar leis an gcoiste forbartha sa sráidbhaile chun ábhar a sholáthar don nuachtlitir gach seachtain agus bhí deis ag daoine an ceangal a choimeád leis an bpobal in ainneoin nach rabhamar in ann casadh le chéile go fisiciúil.

 

Pacáistí Cúraim: Bheartaigh an coiste go luath i 2020 ar phacáistí cúraim a chur le chéile agus a scaipeadh i measc pobal scothaosta an cheantair áitiúil, éinne os cionn aois 70 bliain a bhí ag cocúnú i gcaitheamh na bliana. D’oibrigh an coiste i gcomhar le muintir na háite agus coistí áitiúla eile, an cumann lúthcleas gael áitiúil Cumann Peile Béal Átha’n Ghaorthaidh,scoileanna áitiúla Scoil Náisiúnta Naomh Fhionnbarra agus Meánscoil Mhuire, Buíon Phíobairí Bhéal Átha’n Ghaorthaidh, Coiste Paráid Lá le Pádraig, An Bun Club, St Finbarr & Ronan Social Club (An Scoraíocht), Cork County Council Emergency Covid Fund, Cuan Barra, an siopa áitiúil Siopa Uí Dhuinnín, agus gnóthaí eile sa cheantar, Óstán Ghuagán Barra, Café Uí Chróinin sa Ghuagán, Airmedica, Cumann Staire Uíbh Laoire, Coolmore Cakes, Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo, M&J Kelleher Oils agus comhlacht Bia Gan Breise / FreeFrom Foods chun na pacáistí seo a chur le chéile agus a scaipeadh ag amanna éagsúla i rith na bliana. Scaipeadh 4 pacáiste do breis is 70 teaghlaigh i gcaitheamh na bliana 2020 agus 2021 go dtí seo. Sna pacáistí bhí nótaí dóchais don lucht faighte; aghaidh-mhasc agus treoracha i dtaobh conas é a chaitheamh i gceart; buidéilín beag díghalrán lámh; cártaí lámh-déanta go háitiúil ionas go bhféadfadh daoine nóta a chur chuig a gcairde agus fanacht i dteagmháil lena chéile; cístí agus táirgí mílse bácáilte go háitiúil; féiríní agus táirgí lámh-déanta go háitiúil ar nós Cros Bhríde agus Croí Vailíntín i bpacáiste mhí Feabhra, seamróg cróiseáilte i bpacáiste mhí Márta agus ubh cásca i bpacáiste na Cásca; liosta uimhreacha teagmhála do dhaoine áitiúla toilteanach siopadóireacht a dhéanamh nó tabhairt faoi aon jabanna timpeall an tí dóibh siúd go mbeadh cabhair de dhíth orthu. Nuair a scaipeadh na pacáistí cloíodh go hiomlán leis na rialacha i dtaobh an scaradh sóisialta agus nuair a bhí an aimsir go maith bhí ceoltóirí óga an cheantair breá sásta páirt a ghlacadh sa togra agus blúire ceoil a sheinnt lasmuig hde gach tigh. Féach ar na nasc seo leanas:

 

Mála Cáisc.   –  https://photos.app.goo.gl/DBUha9V27r6Mr6yA6

Cocooners Bhéal Átha.  –  https://photos.app.goo.gl/pfPRQgMs6iF5LVncA

Beartanna na Nollag  –  https://photos.app.goo.gl/KPwjvfeeVoGSwupH8

Cúairt na Cásca  –  https://photos.app.goo.gl/cFwBs1fkNrWBcEZQ7

 

Thug na pacáistí seo dóchas don phobal trí chéile, mothaigh na daoine a bhí á gcur le chéile agus na daoine a bhí ag soláthar ábhair/earraí le cur iontu go rabhadar ag cabhrú i slí éigin, agus mhothaigh na daoine ag fáil na pacáistí nach rabhadar dearmadta ag an bpobal agus go rabhadar go dlúth i gcuimhne an phobail áitiúil. Togra thar a bheith misniúil agus spreagthacht a bhí ann agus tá sé ar intinn leanúint leis amach anseo.

 

Féiríní agus béilí: Bhí an ionad lae áitiúil Cuan Barra dúnta de bharr na paindéime agus ní fhéadfadh an pobal scothaosta teacht le chéile le haghaidh béilí agus comhluadar mar a bhíodh á dhéanamh acu dhá lá sa tseachtain le fada an lá anuas. Mar in féin bhí ar chumas Cuan Barra seirbhís béilí ar rothaí a sholáthar agus chun cur leis seo bheartaigh an coiste ar roinnt féiríní a thabhairt dóibh le tabhairt amach i dteannta leis na béilí, ina measc seo bhí Cros Bhríde chun Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh, saothar ealaíne Croí Vailíntín le haghaidh Lá Fhéile Vailintín agus seamróg cróiseáilte do Lá Fhéile Pádraig. Ní raibh sna nithe seo ach rudaí beaga ach thugadar ardú meanma dóibh siúd a fuair iad i dteannta lena gcuid béilí.

 

Lá Le Pádraig 2020: Rinneamar fís dos na píobaire ó Buíonn Phíobairí Bhéal Átha’n Ghaorthaidh ag seinm ‘Dóchas Linn Naomh Pádraig’ ag a 12meán lae Lá le Pádraig. Cuireadh amach an fís sa ríomhphoist áitiúil Bealáthaabú & ar Utube.

https://www.youtube.com/watch?v=H33Ue9NbBww

 

Ceolchoirm Lá Fhéile Pádraig 2021: Is mór an ocáid i gcónaí a bhíonn i gceist le paráid Lá le Pádraig i mBéal Átha’n Ghaorthaidh ach faraor de bharr na paindéime b’éigean don choiste an paráid a chur ar ceal. B’iontach an díomá a bhí ar an bpobal trí chéile ach tháinig an coiste bailte slachtmhara i gcomhar leis an gcoiste forbartha ar smaoineamh uathúil iontach. Cuireadh fógra sna nuachtlitreacha áitiúla agus ar na meáin shóisialta ag tabhairt cuireadh do dhaoine físeáin a thógaint dóibh féin sa bhaile ina dtithe féin ag seinnt ceoil, ag amhránaíocht, ag rince, ag insint dáin nó aon rud eile dá leithéid agus é a sheoladh ar aghaidh chuig an gcoiste. Cuireadh físeán iontach le chéile de dhaoine idir óg agus aosta, daoine ina gconaí i mBéal Átha’n Ghaorthaidh agus daoine ata bogtha ón gceantar, agus seoladh an físeán mar cheolchoirm gleoite, ceithre uair a’ chloig ar fhad, ar Lá le Pádraig. Thug sé seo an pobal áitiúil, ó chian is ó chongar ar fad le chéile ar bhonn thar a bheith speisialta. Ghlac gach éinne páirt ann – ó dhaoine sa naíonra, sa bhunscoil, sa mheánscoil, an sagart paróiste, an garda áitiúil agus a thuilleadh eile nach iad. Bhí ionadaíocht ann ó gach teaghlach sa cheantar. Féach  https://www.youtube.com/watch?v=vl18rWy-zz4&t=1472s.

https://www.bealatha.ie/ceolchoirm-la-fheile-padraig/

 

 

Ceolchoirm Lá le Pádraig 2021 – YouTube

 

 

 

 

Tráth na gCeist ar líne: Is léir gur mhaith le muintir Bhéal Átha’n Ghaorthaidh bheith gníomhach agus fuíolach craic a bheith acu. Bhí 4 chinn de Tráth na gCeist ar líne againn i rith aimsir dianghlasáil Covid. An príomh aidhim a bhí againn ná ‘Spórt sa Bhaile’. Bhain idir óg & aosta an taitneamh as na hóicheannta seo. Féach na nascanna seo leanas:

 

Spórt sa Bhaile 1 – https://photos.app.goo.gl/U7cKXxcSNuZfmWS86

Spórt sa Bhaile 2 – https://photos.app.goo.gl/HFiZ1E7EyfTULQq26

Spórt sa Bhaile 3 – https://photos.app.goo.gl/StXUmEWcc3j3coNF9

Spórt sa Bhaile 4 – https://photos.app.goo.gl/qpijWo8KXDZt5eRg8

 

 

Is léir gur dhéan Coiste Bailte Slachtmhara Béal Átha’n Ghaorthaidh tréan iarracht an pobal áitiúil a tharrach le chéile le linn na paindéime, tugadh borrad do dhaoine, tugadh ardú meanma do dhaoine agus tugadh misneach do dhaoine gur féidir linn filleadh ar an saol mar a bhiodh go luath.

 

 

 

 

An Pobal – Pleanáil agus Rannpháirtíocht          60 Marc

 

Bronntar marcanna ar cháilíocht fhoriomlán na Foirme Iontrála, léarscáil an bhaile / an tsráidbhaile agus oiriúnacht an ábhair chúltaca a chuirtear isteach le d’iontráil. Príomhcheisteanna eile is ea rannpháirtíocht an phobail áitiúil, ghnólachtaí, scoileanna agus na hóige i gcoitinne; comhpháirtíochtaí oibre le gníomhaireachtaí cathartha áitiúla; oibreacha a rinneadh agus tionscadail iomchuí curtha i gcrích; go bhfuil Plean nuashonraithe indéanta slachtmhar ann. Tabharfar aird ar chuimsiú sóisialta, cur chuige iomlán an phobail, ról na saorálaithe agus cónaitheoirí nua i ngníomhaíochtaí.

Cuir in iúl le do thoil:

 

Líon bainteach le do Choiste: 12

Líon na ndaoine nach bhfuil ar an gcoiste ach a dhéanann obair dheonach: 30  (Gan páistí scoile san áireamh)

 

Léirigh leibhéal an tiomantais dheonaigh le do thoil (líon na gcruinnithe Bailte Slachtmhara, cruinnithe pobail, rannpháirtíocht ghinearálta an phobail, cónaitheoirí nua, srl.): Tá leibhéal an tiomantais dheonaigh i gceantar Bhéal Átha’n Ghaorthaidh ard go maith faoi láthair. Bheartaigh formhór de Choiste na bliana seo caite leanúint ar aghaidh ar an gcoiste arís i mbliana agus cur leis an obair a bhí tosnaithe acu anuraidh. Ag an gcruinniú cinn bhliana a bhí ar siúl i mí Márta ba ríshoiléir tacaíocht agus tiomantas deonach an phobail leis an slua a bhí i láthair agus toillteanas an phobail áitiúil cúnamh a thabhairt le feachtais éagsúla an Choiste. Tá an Coiste ag tnúth leis an gcomórtas i mbliana agus tá súil acu cur leis an dea-obair atá déanta sa sráidbhaile le tamall de bhlianta anuas.

Táimid sa cheathrú bliain den Phlean Cúig Bliana, táimid ag cinntiú go mbíonn ár gcoiste dírithe ar thograí agus ar imeachtaí a chuirfidh slachtmhaireacht ár sráidbhaile chun cinn sa todhchaí.  Tá an plean le fáil ag deireadh an iarratais seo.

I mbliana bíonn cruinniú míosúil ar líne ag an gCoiste ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí Feabhra agus ansin ó thús mhí Márta go dtí deireadh mhí Lúnasa tagann an coiste agus oibrithe deonacha le chéile (gan amhras ag claoí le rialacha scaradh sóisialta) ar bhonn seachtanúil le haghaidh tráthnónta bailithe bruscair, piocadh fiailí &srl. Tagann oifigigh an Choiste le chéile níos minice ná sin de réir mar is gá. (Uaireannta bíonn cruinniú amuigh faoin aer i gCasadh na Spride).

Oibríonn Coiste na mBailte Slachtmhara as lámh a chéile leis an gCoiste Forbartha aitiúil chun leasa an cheantair a fheabhsú.

Cruinniú i gCasadh na Spride

 

Cruinniú Zoom ar líne

 

Crinniú Aoine 28/5/2021 (Casadh na Spride) 8pm

Clár

  1. Bailte Slachtmhara
  2. Funding
  3. Bridge Lighting
  4. Roads (Fionní meeting with James and Gobnsit)
  5. Septic Tank
  6. Meitheal na Gaolainne
  7. Walking committee (Archaeological project)
  8. An Sugán
  9. Water quality
  10. Wind turbines
  11. IRD Duhallow
  12. An Corcumann
  13. Festival
  14. 6.6 Names for the 6.6 which the public contributed are listed here

 

 

 

 

Liostaigh na gníomhaireachtaí, na comhlachtaí agus na gnóthais go léir a thacaigh le do ghníomhaíochtaí trí urraíocht, acmhainní, maoiniú, comhairle, srl:

Arís i mbliana tá an-tacaíocht faighte ag an gCoiste ón bpobal agus ó gnó áitiúil, mar shampla is iondúil go dtacaíonn na comhlachtaí áitiúla le feachtais bailithe bruscair a bhíonn ar bun againn agus le feachtais bláthanna – thug an comhlacht áitiúil Bard na nGleann Teoranta tacaíocht maoinithe chun bláthanna a cheannach don sráidbhaile.

 

Tugann Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teoranta, an t-eagras forbartha pobail atá ag feidhmiú i nGaeltacht Mhúscraí, tacaíocht don Choiste le hiarratais ar mhaoiniú chun leasa an cheantair áitiúil agus le comhairle i dtaobh an chomórtais agus i dtaobh foinsí maoinithe eile. Cabhraíonn an Comharchumann le fógraíocht chomh maith.

 

 

Chomh maith leis sin tá tacaíocht leanúnach den scoth á fháil ag an gCoiste ó Chomhairle Contae Chorcaí (Ciste Pobal an Cheantair Bhardasaigh/Municipal District Community Fund & Scéim Feabhsaithe Srádbhailte/Village Enhancement Scheme), Údarás na Gaeltachta, An Meitheal Teanga an Scéim Shóisialta Tuaithe (Ní raibh said ábalta obair i rith an dianghlasáil) agus Scéim TÚS.

Conas a dhéanann tú cumarsáid le do phobal (nuachtlitir, nuachtáin, cruinnithe poiblí, r-phost, na meáin shóisialta agus suíomh Gréasáin)?:

Tá réimse bealaí éagsúla trína dhéanann an Coiste cumarsáid leis an bpobal áitiúil- baintear úsáid as:

Suíomh béalatha.ie nó Ballingeary.com

 

Nuachtlitreacha seachtainiúla an pharóiste.

Iriseán coicíse saor in aisce (Lee Valley Outlook).

Facebook.

Grúpa WhatsApp

Béal Átha Abú (bealathaabu@gmail.com)

https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/2021/06/25/nuacht-na-seachtaine-seo-25-6-2021/

bealatha.ie nó Ballingeary .com. Tugann an suíomh seo eolas iontach ar fad faoi Bhéal Átha’n Ghaorthaidh, an tsráidebhaile, an timpeallacht, rudaí le déanamh, stair na háite & rl.

Bhí sé seo an áiseach in am Covid.  

Is fiú go mór don moltóir féachaint ar an suíomh seo.

https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/

 

Conas a dhéanann tú teagmháil le do scoileanna áitiúla, clubanna óige, srl.? Cén chaoi a mbíonn an óige i do chuid oibre, an bhfuil Bailte Slachtmhara Sóisearach agat, an bhfuil ionadaíocht óige ar do choiste?:

Facebook.com

BéalÁthaAbú an r phoist bealathaabu@gmail.com a seolfar gach Aoine.

 

 

bealatha.ie nó Ballingeary.com

https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/

 

 

I ndáiríre tá moladh mór tuilte ag an dream óg sa cheantar – ní bhíonn bruscar á chaitheamh acu, ní bhíonn loitiméireacht ar bun agus cabhraíonn siad leis an gCoiste nuair a bhíonn feachtais bailithe bruscair ar bun againn agus nuair a bhíonn bláthanna á chur againn.

 

I mbliana bhí grúpa imreoirí peile faoi 21 linn don lá mór tréanglanadh a bhí ar siúl again sa tsráid i Mí Márta.

https://photos.app.goo.gl/PFQVzYqK6q5gQ7Pb6

 

Sainaithin aon tionscadal ar leith inar cuireadh iarracht ar leith i bhfeidhm ón 1 Meitheamh, 2019 (D’fhéadfadh obair chothabhála leanúnach nó tionscadal nua a bheith san áireamh anseo)?:

FEACHTAS DULUX

I mbliana rinneamar socrú leis an branda péint Dulux agus bhí lascaine 30% ar fáil do aon theaghlach agus foirgnimh sa tsráid a bhí ag lorg péint. Mar a luaigh cheanna bhí lá meithile tréanghlanadh na sráide againn agus lá mór péinteáil ina rinneamar grúpaí teaghlach agus balla/ballaí faoi leith á péinteáil acu. D’oibrigh an córas seo go hiontach & bhí an sport ag gach éinne & an obair déanta. Thug sé spreagadh do a lán tithe eile sa sráidbhaile páirt a glacadh sa feachtas seo & féachann na tithe go hálainn ina diaidh.       Féach pictiúirí roimh & taréis ar an léirscáil(Scair Feachtas mór Péinteáil)

Ag cabhrú le dhaoine an dath a phiocadh https://photos.app.goo.gl/C5m9cVJzYR2mLWXf7

Ag eagrú na teaghlach https://photos.app.goo.gl/GGUhkz1uDKwTDwvj7

Ag péinteáil    https://photos.app.goo.gl/i2JR7G7u5FzKnZAq6

Taréis Péinteáil   https://photos.app.goo.gl/vhgPX3XzGkvB4o1GA

 

 

 

 

 

6.6 ACRA

Mar a bhí luaite in iarrathas 2019 bhí sé ar intinn again píosa tallún 6.6 acra i lár na sráide a cheannach. Tá áthas mór orainn go bhfuil an talamh sin ceannaithe tar éis ana chuid ama ag pleanáil agus ag iarradh an margadh a réitiú. Bhí comórtas againn chun ainm oiriúnach a chur ar an suíomh seo….Tá an moltóireacht fós ar siúl.

https://www.google.com/maps/d/u/0/edit?mid=1Czrx68APBnZPpf6l8bLR3Mugu_51YLyS&usp=sharing

 

Ainmniú 6.6 https://forms.gle/hUXX4onSNYeGvHFy8

Liosta ainmneachaTimestamp Mo rogha do ainm don talamh / My choice of name for the land

5/7/2021 19:21:53 Slí an Laoi. Bruach na Laoi

5/7/2021 19:29:36 Lár na Cruine

5/7/2021 19:50:56 Scriven’s Inch (in irish)

5/7/2021 20:41:03 páirc na habhann

5/7/2021 21:44:48 Beal an Locha

5/7/2021 22:48:55 Bruach na hAbhann

5/7/2021 23:11:00 Gort na Sílinne

5/8/2021 19:56:07 Gort na habhann

5/8/2021 21:50:41 BEAL ALUA

5/9/2021 12:55:40 Páirc an tSuamhnais

5/9/2021 13:30:09 Inse Laoi

5/9/2021 13:30:59 Inse Spraoi

5/9/2021 13:35:18 Páirc an tSuaimhnis

5/9/2021 13:35:54 Sonas

5/9/2021 13:38:57 An Riasc

5/9/2021 13:41:24 An Pháirc Ghrianach

5/9/2021 13:41:42 Páirc na Gréine

5/9/2021 14:00:17 Ínse Scribhín. Sean Scriven might have a more specific name. An inch is a river meadow.

5/9/2021 14:10:25 Siamsa cois Laoi

5/9/2021 15:22:57 Spraoi na Laoi

5/9/2021 15:49:48 Páirc an Ailtigh ( ó Drom an Ailtigh)

5/9/2021 16:25:10 Slí na Scíth

5/9/2021 18:18:11 Bruach na Laoi/ Cois Laoi/ Slí na Laoi

5/10/2021 21:18:20 Slí Caitlín Bhreatnach

5/11/2021 18:08:58 Acra Eachtraíochta

5/12/2021 13:04:02 bruach na Laoi nó Slí na Laoi

5/14/2021 19:01:28 Eachtra bealach uisce

5/14/2021 19:02:07 Bealach chuig an Laoi

5/14/2021 19:03:17 Ag iarraodh Eachtráiochta

5/14/2021 21:33:30 Réimse Aislingi ( Field of Dreams )

5/14/2021 21:51:03 Scrivens inch

Timestamp Mo rogha do ainm don talamh / My choice of name for the land

5/14/2021 22:08:11 Slí an dóchais

5/14/2021 22:08:43 Slí an suaimhneas

5/14/2021 22:11:00 Slí An Ghaorthaidh

5/14/2021 23:32:37 Tir na nog

5/15/2021 11:59:00 Pairc Daní Pheig – tar éis an Gabha/Blacksmith

5/16/2021 10:32:02 Inse luachra the inch ( marshy ground ) of the rushes …..my father used to cut rushes there long ago.

5/16/2021 21:46:56 Cois na habhann

 

 

GLÓR NA nGAEL

Bhaineamar an dara áit amach i gcomórtas Glór na nGael i mbliana. I roinn Údaras na Gaeltachta, an phríomh aidhm sa chomórtas ná an Gaeilge a chuir chun cinn.

 

béalatha.ie nó Ballingeary.com

Suíomh béalatha.ie nó Ballingeary.com ag feidhmiú go hiontach.

https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/

 

 

SIÚLÓID STAIRIÚIL NA SRÁIDE

Tá 21 comharthaí eolais cúrtha ar fúd na sráide i Siúlóid Stairiúl Bhéal Átha’n Ghaorthaidh. Féach suíomh bealatha, ag an nasc seo https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/elementor-1347/

 

 

BEALACH SIÚLÓIDÍ & ROTHAÍOCHTA BHÉAL ÁTHA’N GHAORTHAIDH

Tá 7 gcinn de Bhealach Siúlóidí agus Rothaíochta áitiúil eagraithe don phobal. Tá 3 póstaeírí eolais sa tsráid agus thart ar 50 treoracha méarach ar na mbeallaí.

 https://www.bealatha.ie/bealach-siuloide-rothaiochta/

 

 

DÍFHIBRILEOIR

Tá bosca teileafón/dífhibrileoir lámhdéanta go háitiúil agus lonnaithe ós comhar na siopa. Rinneadh an bosca i rang adhmadóireacht a bhí trí mhean na Ghaeilge le hurraíocht ón Mheitheal Teanga. Baillíodh an         t-airgead don dífhibrileoir trí roinnt Tráth na gCeist ar líne a reachtáil i rith aimsir sriannta Covid. Cabhraigh sé seo go mór le spiorad pobail a árdú.

https://photos.app.goo.gl/W9g1H9rnAWjjXgZh8

 

 

 

 

IARSMALANN

Do cheannaigh An Coiste Forbartha sean foirgnimh sa tsráid. Seo an foirgnimh inar bunaíodh Coláiste na Mumhan don chéad uair i 1904. Ba sin an chead coláiste riamh do traenáil múinteoirí sa tír. Tá sé ar intinn ag an gcoiste iarsmalann d’athbheocain na Gaoluinne a oscailt san suíomh seo. Tá staidéar féidireacht á dhéanamh faoi láthair.

 

https://photos.app.goo.gl/PDjdhDqEU9MMamedA

 

 

 

 

 

PLEAN BHÉAL ÁTHA’N GHAORTHAIDH

Tá plean forbairt do Bhéal Átha’n Ghaorthaidh curtha le chéile le déanaí. Tagann na coistí & na hÚdarais go léir le chéile sa phlean dearfach seo. Féach suíomh bealatha.ie

 

COSÁIN NUA

Tar éis an chuid teagmháil le Comhairle Contae Chorcaí & Údaras eile (ESB, Irish Water) tá drompla nua, cosáin nua agus solais sráide ar an bhóthair ó thuaigh ó Béal Átha’n Ghaorthaidh.

https://photos.app.goo.gl/JyTnoqgY7DLs4rC58

 

 

Cá mhéad bliain a chuir do phobal isteach ar an gcomórtas? Conas a bhain do phobal leas as a bheith páirteach sa chomórtas?

Tá an pobal ag cur isteach ar an gcomórtas le blianta fada anuas, cé gur thógamar briseadh ón gcomórtas i 2014.

 

FÉACH PLEAN 5 BLIANA

 

SRÁID-DREACH & SPÁSANNA POIBLÍ                                 60 Marc

 

 

 

Foirgnimh: Breithneofar caomhnú agus cur i láthair foirgneamh oidhreachta agus cáilíocht aghaidheanna siopaí, agus dearadh, inbhuanaitheacht, inrochtaineacht, inúsáidteacht agus oiriúnacht struchtúir nua nó foirgneamh taitneamhachta cathartha á gcur san áireamh do gach duine, beag beann ar aois, méid, cumas nó míchumas. Cuir béim, le do thoil, ar na hiarrachtaí a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar shuíomhanna tréigthe agus ar fhoirgnimh neamháitithe fiú mura n-éiríonn leo.

Spásanna Poiblí: Tabharfar aird ar; cearnóga, páirceanna, clós súgartha / spásanna súgartha, sráid-dreach, pábháil, tírdhreachú agus troscán sráide ag cuimhneamh ar inbhuanaitheacht agus rochtain do chách. Coinníoll na soilsithe sráide, soilsiú aghaidhe an fhoirgnimh, comharthaíocht atá deartha go cuí agus aimsiú bealaí a bhaineann le sráideanna agus plátaí logainmneacha. Tabharfar aird ar chur i láthair láithreacha páirceála, cosáin stairiúla, siúlbhealaí agus pointí rochtana ar thaitneamhachtaí nó áiseanna áitiúla agus ar úsáid ghinearálta na Gaeilge.

Luaigh le do thoil má chuir tú isteach Gradam Speisialta a bhaineann leis an gcatagóir seo.

Liostaigh tionscadail a rinneadh ón 1 Meitheamh, 2019 lena n-áirítear, tionscadail nua (N) a cuireadh i gcrích i mbliana, tionscadail roimhe seo atá feabhsaithe nó coinnithe agat (M) agus tionscadail amach anseo (FP) atá beartaithe agat a fhorbairt. Bheadh sé ina chuidiú dá bhféadfá do thuairiscí tionscadail a uimhriú agus dáta a thionscnamh agus a chríochnú, más infheidhme.

Nóta: Cinntigh le do thoil go ndéantar tagairt uathúil do gach tionscadal tosaíochta ar do mhapa agus ar finscéal trí na huimhreacha tagartha a shanntar thíos a úsáid.

 

 

Siad seo na foirgnimh/gnéithe den dtimpeallacht thógtha atá le feiscint i mBéal Átha an Ghaorthaidh:

 

An Seana-Cheárta

Pota an Ghorta

An Gazebo

Na Clocha Cora

An Halla

Foirgnimh Údaráis na Gaeltachta

Garáiste Mhick Cremin

Ard na Laoi

An Meánscoil

Na Leithris Poiblí

Siopa Uí Dhuinnín

An Séipéal

An tSean Choláiste

Tigh Seártan

Na Droichid sa tSráidbhaile

An Seana-Uachtarlann

Siopa Uí Chorcora

Coláiste na Mumhan

An Linn Snámha

An Áras Peile

An Bhunscoil

An Clós Spraoi

Cuan Barra

I mbliana dhíríomar ar an na bóthaire agus ar na cosain mórthimpeall. Chuireamar roinnt gnéithe nua le timpeallacht thógtha an tsráidbhaile freisin.

 

 

*******************************************************************

Tá dul chun chinn mór déanta leis an tsean siopa a bhí ag chur as dúinn leis na blianta anuas. Is iontach le rá go bhfuil an cumarsáid déanta again leis an úinéir agus go bhfuil an dian ghlanadh déanta & an péint ceannaithe. Tá sceitimí ar mhuintir na háite, táid ag siúl go mór féachaint cén dath a bheidh ar an foirgnimh.

https://photos.app.goo.gl/6LiMc3x8urEctkVp6

 

 

 

Droichead Bun Síleann um Nollaig. Táimíd ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh ar an ndroichead eile, Drom an Ailigh, chomh luath is a bheidh maoiniú ar fáil chuige sin.

 

 

An Páirc Spraoi/Spraoi na Laoi

 

Sa pháirc súgradh tá roinnt áiseanna imirt céadfach nua curtha i bhfeidhim again.

Cuireadh péint nua ar an bhfál adhmaid.

https://photos.app.goo.gl/ECVcQSX9TcBce6Pa6

 

 

Athchoiriú Leacht Cuimhneacháin Túirín Dubh & Carraig

 

Tá sé tábhacht i gcónaí smaoineamh ar na daoine a troid ar son na tire fadó. Rinneamar na leacht cuimhneacháin a dhisiú.

 

https://photos.app.goo.gl/woMhpoN4Hj5eHSpc7

 

IARSMALANN

Do cheannaigh An Coiste Forbartha sean foirgnimh sa tsráid. Seo an foirgnimh inar bunaíodh Coláiste na Mumhan don chéad uair i 1904. Ba sin an chead coláiste riamh do traenáil múinteoirí sa tír. Tá sé ar intinn ag an gcoiste iarsmalann d’athbheocain na Gaoluinne a oscailt san suíomh seo. Tá staidéar féidireacht á dhéanamh faoi láthair.

 

https://photos.app.goo.gl/PDjdhDqEU9MMamedA

 

Féach A – Foirm Iarratais do Chomórtas na Bailte Slachtmhara 2021

Féach A1 – Plean 5 bliana.

Féach A2 – Plean Forbartha Bhéal Átha’n Ghaorthaidh.

Féach A3 – Ár aighneachtaí do dréacht plean an Chontae ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

SPÁSANNA GLASA AGUS TÍRDHREACH              60 Marc

 

 

 

Ba chóir do phobail na rudaí seo a leanas a léiriú: Pleanáil, dearadh agus bainistíocht spásanna glasa. Crainn a roghnú agus a shuíomh go cuí agus a gcothabháil leanúnach, lena n-áirítear bearradh múnlaitheach, uisciú agus aird ar na geallta agus na ceangail. Tírdhreachú gach bealach isteach chuig do bhaile / sráidbhaile / dúiche a chur i láthair i gcomhairle le d’údarás áitiúil, nuair is cuí. Tá sé tábhachtach plandaí oiriúnacha a úsáid le haghaidh fálta agus toir le héifeacht ar feadh na bliana, mar aon le plandáil séasúrach scéimeanna a thacaíonn le pollinator áit ar mhaith leat aird a tharraingt ar réimsí tábhachtacha. Is féidir le húsáid coimeádán plandaí tionchar a imirt nuair nach féidir é a phlandáil go díreach isteach sa talamh. Chun tascanna cothabhála a laghdú teorainn a chur le húsáid coimeádán. Chun tionchar na n-oibreacha tírdhreacha i do phobal a léiriú ar feadh na bliana, moltar duit grianghraif dátaithe a sholáthar de, mar shampla, scéimeanna lus a ’chromchinn nach bhfuil le feiceáil i rith an tsamhraidh.

Luaigh le do thoil má chuir tú isteach Gradam Speisialta a bhaineann leis an gcatagóir seo.

Liostaigh tionscadail a rinneadh ón 1 Meitheamh, 2019 lena n-áirítear, tionscadail nua (N) a cuireadh i gcrích i mbliana, tionscadail roimhe seo atá feabhsaithe nó coinnithe agat (M) agus tionscadail amach anseo (FP) atá beartaithe agat a fhorbairt. Bheadh sé ina chuidiú dá bhféadfá do thuairiscí tionscadail a uimhriú agus dáta a thionscnamh agus a chríochnú, más infheidhme.

Nóta: Cinntigh le do thoil go ndéantar tagairt uathúil do gach tionscadal tosaíochta ar do mhapa agus ar finscéal trí na huimhreacha tagartha a shanntar thíos a úsáid.

 

______________________________________________________________

Boscaí Bláthanna

 

Ceapacha bláthanna á gcothabháil

 

Beidh lucht na Scéime Sóisialta Tuaithe ag déanamh neart oibre chomh maith ar chlaíocha, sceacha agus ciumhaiseanna na mbóthar a choimeád slachtmhar go háirithe ar na bóithre isteach sa sráidbhaile chun cuma néata a chur ar an áit. Tá na cúrsaí cuí déanta ag lucht na Scéime i dtaobh spraeáil fiailí &srl.

 

 

Tá sé beartaithe ag an gCoiste díriú arís i mbliana ar níos mó plandaí a chur a thiocfaidh ar ais bliain i ndiaidh bliana chun an t-airgead a caitear ar bhláthanna gach bliain a laghdú.

 

Gairdín na bhFeileacháin – Múrphictiúr & plandáil déanta.

 

Ta sé ar intinn againn go ndéanfaidh na páistí a fhreastalaíonn ar an seiribhís tar éis scoile staidéar ar na bhfeileacáin agus ar na mbeacha a thagann go dtí an gairdín seo.

 

Caidéal uisce – Múrphictiúr agus an péint ar an caidéal. Cuinneoga le plándaí.

 

https://photos.app.goo.gl/f8TJKBK3XKKURS3J6

 

 

Casadh na Spride

 

Obair leanúnach i gcónaí atá i gceist le Casadh na Spride, láthair in iarthar an tsráidbhaile (ar thaobh Bheanntraí den tsráidbhaile) a bhfuil an Coiste agus muintir na háite trí chéile an-mhórálach as!

Roinnt ama i rith na bliana tagann tuilte agus bíonn Casadh na Spride go hiomlán faoi uisce. Deineann sé seo roinnt damáiste agus bíonn orainn súil géarr a choiméad air. Dá bhrí sin ní feidir linn aon potaí blathanna nó maisiúcháin ró eadtrom a chuir ann. 

 

  • Fiallaí a bhaint ón gcosán siúil.
  • Tá go leor plandála déanta i gCasadh na Spride le na blianta beaga anuas. Lena chois sin bhí obair leanúnach ar bun againn chun sean-chrainn a bhaint agus san fhómhar chuireamar crainn dúchasacha nua ina n-áit.
  • I mbliana chuireamar Crann Elderflower & Cherry Blossom.
  • Tá na fálaithe feá a chuireamar anuraidh ag fás go breá, bhí orainn cúpla cinn a athphlandú toisc na tuilte i mbliana.
  • Bhaineamar an claí adhmad lofa a bhí mórthimpeall na habhainn & tá an adhmaid athúsaidthe sa gnathóg fiadhúlra.
  • Is obair leanúnach é an structúr beó saileach (Living Willow Dome). Caithfear é a sníomh agus a bocáil go minic tríd an structúir chun crut cruinneachan a dhéanamh. Is obair é seo atá á fhoghlaim againn de réir a chéile….ní sainéolaí aon duine againn ach is iontach bheith fós ag foghlaim!
  • Tá 5 chinn de suíocháin nua adhmad cúrtha i láthair i lár an structóir beo saileach.
  • Obair leanúnach ar bun chun na ceapacha bláthanna/plandaí a choimeád faoi smacht. Tá aon phlandaí marbha á bhaint amach arís i mbliana agus cinn nua á gcur ina n-áit.
  • Tá an grúpa Bia Gleann na Laoi tagtha ar bord go láidir i dtaobh Casadh na Spride – ag tabhairt aire do na plandaí agus crainn torthaí atá ann agus ag reáchtáil seisiúin eolais ina leith le daltaí na bunscoile agus na meánscoile, chun iad a chur ar an eolas faoi na speicis éagsúla atá ann.
  • Cuireadh 4 chinn de beathadán éin & 2 bhosca éin i lathair i mbliana.
  • Tá ‘Beallach na Sióg’nua again. Tá 7 chinn de dhoras sióg cúrtha in áiteanna éagsula mórthimpeall Casadh na Spride. Caithfidh na páistí iad a aimsiú. Tá bórd & cathaoireacha gleoite i bfhoirm beacán bearaigh i gCasadh na Spride a thaithníonn go mór leis na bpáistí le haghaidh picnic.
  • Tá áit faoi leith fágtha i dtaobh againn don nadúr ag claoí le comhaire Biodiversity Ireland.
  • Ag am Nollag cuirimís soilse ar an gcrann mór i gcroí lár na páirce. Is radharc iontach é seo.
  • Tá cúinne nua féar & plandáil déanta again timpeall ar ostán na bhfeithidí.
  • Ar taobh na bóthaire tá bean iontach áitiúil taréis plandáil a dhéanamh dá stuaim féin. ‘Claoí Peggy’ ainm an áit seo. (Tá Peggy thart ar 80 bliana d’aois & an gnóthach ar an gcoiste & mórtimpeall na háite)!
  • Toisc gleoiteacht na háite & na bínsí tá Casadh na Sproide an- coitianta le haghaidh picnic. Oibreann sé seo go hiontach i rith aimsir Covid ach go háraithe.
  • Tá comhartha Bealach Siúlóidí & Rothachtaí BÁG curtha in airde ar taobh na páirce.

 

Casadh na Spride   https://photos.app.goo.gl/hm2WchMau5z1U1RcA

Bealach Na Sióg     https://photos.app.goo.gl/wFGtiioZjdr7pC2E8

Bealach Siúlóidí & Rothaíocht BÁG https://photos.app.goo.gl/g9XznubzTwGo1cxs7

 

 

 

Siúlóid na Céimeanna

Tá an raille nua ag tús na siúlóide á mholadh ag an-chuid daoine agus is léir go

raibh gá leis. Beidh deisiú á dhéanamh ar roinnt adhmad ar an súilóid atá briste.

Cuirfear comhartha nua le stair na céimeanna in airde. Is suíomh an suaithinseach é seo. Úsáideann muintir na háite an suíomh seo go rialta i rith an tSamhraidh mar ionad lapadóireacht agus spraoi do pháistí is do dhaoine fásta araon.

https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/siulioid-na-ceimeanna/

 

https://photos.app.goo.gl/LWUVYtTkNuuUVvwz9

 

 

 

Spraoi na Laoi

Sa pháirc súgradh tá roinnt áiseanna imirt céadfach nua curtha i bhfeidhim againn

Cuireadh péint nua ar an bhfál adhmaid.

https://photos.app.goo.gl/ECVcQSX9TcBce6Pa6

 

 

Crosaire Inse an Fhosaigh

Rinneadh tírdreachtú ar cúinne a bhí mímhaiseach anseo. Taréis morán teagmháil le Comhairle Contae Chorcaí chuir said comharthaí bóthaire nua in áit & tá plandaí nua curtha ann.

https://photos.app.goo.gl/Bj153LvvA1zTCYGX9

 

 

 

Uisciú/Cothabháil Bláthanna/Plandaí

Oibríonn an Coiste agus muintir na háite go dlúth chun a chinntiú go ndéinfear plandaí agus bláthanna sa sráidbhaile a uisciú go rialta agus a chothabháil de réir mar is gá.

 

Cabhraíonn lucht na Scéime Sóisialta Tuaithe chun na stráicí féir ar fud an tsráidbhaile a choimeád faoi smacht, leis an bhféar á ghearradh acu go rialta.

 

Lena chois sin oibríonn an Coiste leis an bpobal i gcoitinne chun róta a dhéanamh amach i dtaobh na bláthanna a uisciú agus a chothabháil. Ciallaíonn an córas seo nach bhfágtar an cúram faoi na daoine céanna an t-am ar fad agus cinntítear freisin go mbíonn ógánaigh an cheantair páirteach ar bhonn gníomhach, cabhraíonn sé seo leo meas a bheith acu ar an gceantar agus forbraítear an mórtas áite ó aois óg.

 

 

Táimid tar éis leanúint ar aghaidh i mbliana le tráthnóna garraíodóireachta uair sa tseachtain ina dtagann meitheal de mhuintir na háite le chéile chun na bláthanna ó cheann ceann an tsráidbhaile a chothabháil, fiailí a phiocadh agus tabhairt faoi aon obair eile ar mhaithe leis na bláthanna/plandaí.

https://photos.app.goo.gl/QLXAcM8jJgkHooAN7

 

 

FÉACH PLEAN 5 BLIANA

 

 

 

 

 

NÁDÚR AGUS BITHÉAGSÚLACHT                    50 Marc

Taispeáin do thuiscint agus feasacht ar an dúlra agus ar an mbithéagsúlacht i do cheantar. D’fhéadfadh go mbeadh limistéir chosanta agus / nó ceantair atá tábhachtach do chaomhnú san áireamh anseo e.g. uiscebhealaí, teorainneacha páirce, gnéithe cósta srl.

Taispeáin tuiscint ar an mbealach is fearr chun do speicis agus gnáthóga áitiúla a bhainistiú agus a chosaint. Is inmhianaithe fianaise ar chomhoibriú le sainghrúpaí agus údaráis ábhartha, go háirithe agus obair á déanamh i réimsí íogaire.

Luaigh le do thoil má chuir tú isteach Gradam Speisialta a bhaineann leis an gcatagóir seo.

Liostaigh tionscadail a rinneadh ón 1 Meitheamh, 2019 lena n-áirítear, tionscadail nua (N) a cuireadh i gcrích i mbliana, tionscadail roimhe seo atá feabhsaithe nó coinnithe agat (M) agus tionscadail amach anseo (FP) atá beartaithe agat a fhorbairt. Bheadh sé ina chuidiú dá bhféadfá do thuairiscí tionscadail a uimhriú agus dáta a thionscnamh agus a chríochnú, más infheidhme.

Nóta: Cinntigh le do thoil go ndéantar tagairt uathúil do gach tionscadal tosaíochta ar do mhapa agus ar finscéal trí na huimhreacha tagartha a shanntar thíos a úsáid.

 

______________________________________________________________

I mbliana ar moladh an ‘All Ireland Pollinator Plan’ tá iarracht mhór á dhéanamh gan fiailnimh cheimiceach a úsáid ar súilóid na céimeanna agus i gCasadh na Sporide.

Tá ár meascan féin á úsáid againn…5 litre fínéagar, 1 cupán salann agus bord spunóg galúnach. Taimíd ag súil go mór le torthaí a fheiscint.

I mbliana sheolamar an teolas faoi an ‘All Ireland Pollinator Plan’ go dtí gach éinne ar an liosta r-phoist aitiúil. Tá sé fíor thábhtacht go mbeach muintir na haite ar an eolas faoi an bplean seo.

 

Na Céimeanna

Tá neart oibre déanta le roinnt blianta anuas chun an siúlán idir an priomhbhóthar (trasna ó Casadh na Spride) agus na céimeanna a chur i ndea- riocht. Bhíodh an siúlán seo fíor-gharbh agus deacair go maith le siúl dóibh siúd nach bhfuil ró láidir ar na cosa (seanóirí agus leanaí óga go háirithe) ach tá sé sin feabhsaithe le roinnt blianta anuas. Obair leanúnach atá i gceist leis an siúlán seo, ag cinntiú go bhfanann sé i ndea-riocht i gcónaí.

https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/siulioid-na-ceimeanna/

 

 

 

Casadh na Spride

Mar atá luaite cheana féin, tá muintir na háite thar a bheith bródúil as Casadh na Spride. Láthair suaimhneach ciúin ar imeall an sráidbhaile a bhfuil an cuma air gur fásach nádúrtha é suite i bhfad lasmuigh den sráidbhaile. Tá an Coiste tiomanta a chinntiú go leantar ar aghaidh leis an láthair seo a chothú a oiread agus is féidir don fásra agus fiadhúlra áitúil.

 

 

 

Tá sé beartaithe arís i mbliana leanúint leis na bláthanna is mó a mheallann beacha agus feileacháin a chur agus a chothú san áit seo. Tá plandaí pailneoireachta curtha go forleathan. Tá gairdín fiain forbartha i gCasadh na Spride chun cur le braistint nádúrtha na háite.

Tá roinnt athruithe déanta i mbliana chun struchtur agus bainistíocht Casadh na Spride a dhéanamh níos oiriúnaí do fhiadhúlra agus do phailneoirí

(wildlife/pollinator friendly).

(1)       Tá an gcóras gearrtha athraithe go córas haymeadow againn. Fágfar an  sciar ó dheas gan gearradh idir Bealtaine agus Lúnasa, seachas stráice mórthimpeall ar Gairdín na Sióg.

(2)       Tá sé i gceist againn a comharthaí a chur in airde chun an córas gearrtha féir a mhíniú do dhaoine, bunaithe ar eolas ó phlean pailneoireachta na hÉireann. (http://www.biodiversityireland.ie/projects/irish-pollinator-initiative/)

 

(3)       Tá feabhas cúrtha again ar an sainlimistéar diuscartha géaga (designated branch and log dump area) laistiar d’óstán na bhfeithidí chun gnáthóg fiadhulra a mhealladh agus costais chothabhála a laghdú. Cuireadh breis adhmaid agus bricí le h-ostán na bhfeithidí i mbliana. Ta cuireadh tugtha againn do leanaí na scoileanna áitiúla teacht agus staidéir a dhéanamh ar na bhfeithidí.

(4)       Cuireadh 4 chinn de beathadán éin & 2 bhosca éin i lathair i mbliana. Tá sé tugtha faoi ndeara ag muintir na háite go bhfuil méid na n-éin & glór na n-éin níos láidre & níos glómhaire i mbliana.

 

(5)       Bhí Casadh an Spride mar chuid mór den chomórtas grianghrafadóireacht fiadhúlra áitiúil le déanaí.

 

(6)       Tá cinneadh tógtha againn leaba an abhainn a fhágaint go nádúrtha, ag ligint don bhfásra bheith fiáin go maith in áiteanna, ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht. Rinneamar glóthach na bhfrog a athréiminú ar ais go leaba na habhainn agus ta súil againn go gcabhróidh se seo leis an bithéagsúlacht.

https://photos.app.goo.gl/hm2WchMau5z1U1RcA

 

 

 

 

Na Céimeanna

Don chuid is mó, ligtear don dúlra fás go nádúrtha ar dhá thaobh an chosáin seo. Rinneamar comhartha nua eolas a chur in áirde anseo ag tabhairt stair an droichid ‘clapper’. Is chuid den Siúlóid Staire na Sráide é.

Na Céimeanna https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/siulioid-na-ceimeanna/

Siúlóid Stairiúil na Sraide https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/elementor-1347/

 

 

Plean Fiadhúlra

Mar chuid de phlean cúig bliana, tosnóimid ag obair ar shuirbhé den bhfiadhúlra i ngnáthóga an cheantair. Teastaíonn uainn é sin a dhéanamh i gcomhpháirtíocht leis na scoileanna áitiúla. Ta sé beartaithe ag an scoil náisiúnta an staidéar seo a dhéanamh i Mí an Mheithimh agus leis na torthaí tá sé i gceist againn comhartha eolais a chur in airde in aice leis an abhainn, ag cur síos ar na h-éisc is coitianta a bhíonn le feiscint inti.

 

https://photos.app.goo.gl/cDPkoziLqgYurozM8

 

Fógra sa Nuachtlitir áitiúil 3/05/2021

Bailiúchán féar ‘s lomaire agus sean páipéar nuachta

An bhfuil féar lomaire breise agat nách bhfuil uait? Tógfaidh mé é le do thoil, chun múirín a dhéanamh le haghaidh na glasraí. Níos fearr úr geartha gan chemicí úsaidaithe air.

Aon sean pháipéar nuachta nó irisleabhar atá caite timpeall agat……Ba mhaith liom iad sin freisin.

Go raibh míle!

Téir i dteangmháil le Paul Lynch le do thoil.

089 2553096

lynch.paul@gmail.com

Féach Nuachtlitir seachtainiúil https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/2021/06/25/nuacht-na-seachtaine-seo-25-6-2021/

 

 

 

Tionscnamh nua

Tá sceitimí orainn go bhfuil an Coiste Forbartha áitiúil taréis píosa talún 6.6 acra a cheannach. Tá an talamh seo cois abhainn agus is talamh bogach é. Bhí a lán oibre le déanamh chun an ceannachán a daingniú, agus tá pleananna iontach againn i dtaobh báid dír-rochtain(access) lár na sráide agus súilóid nadúrtha cois abhainn.

Rinneadh Eiceolaithe Comhshaoil i 2020 agus i láthair na húaire tá staidéar féidreacht á dhéanamh againn ionas go mbeidh plean cruinn againn don suíomh.

Tar éis cuairt ó oifigeach ón gComhairle Chontae tá sé beartaithe an suíomh/siúlóid seo a bheith mar tús do ‘Blueway’ sa todhchaí. Tá an coiste i mbun cainte leis an coiste Croí na Laoi in Ínse Gheimhleach( an chéad bhaile eile ar an Laoi).

Beimíd ag súil go mór le obair ina theanta don tionscnamh seo.

https://photos.app.goo.gl/b49NVnur4mHkZzd46

Léarscáil 6.6 https://www.google.com/maps/d/u/0/edit?mid=1Czrx68APBnZPpf6l8bLR3Mugu_51YLyS&usp=sharing

Ag ainmniú 6.6  https://forms.gle/hUXX4onSNYeGvHFy8

 

 

 

Searachas

Tá duine ar an gcoiste againn ag glacadh páirt i gcúrsa Water Quality Training le IRD Duhallow.

Tá feachtas i mbun faoi láthair chun deighleáil leis an droch córas searachas atá i mBéal Átha’n Ghaorthaidh. Táimid tar éis teagmháil a dhéamamh le poiliteoirí, Comhairle Contae Chorcaí,  Irish Water & leis na meáin freisin. Tá anachaí (Petition) seolta le méid mór ainmneacha chuigh Irish Water ag fiosrú stádais an úsgradáil don córas. Caithfimid leanúint ar aghaidh leis an brú.

Tá an grúpa ‘Waters and Communities’ ag deanamh tastáil ar caighdeán uisce na locha & na habhainneacha faoi láthair. Nuair a bheidh na torthaí seo againn leanfimíd leis a céad chéim eile.

Nílimíd ach ag tús an proséis seo!

https://photos.app.goo.gl/wTnyb5afmgq6YHmBA

Nasc don achainí https://docs.google.com/forms/d/e/1FAIpQLSdNhGglA3okolJH-o_s66nvpTwAEPWmbKpOdvTZugiWg4LP0g/viewform?usp=sf_link

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

FÉACH PLEAN 5 BLIANA

 

INBHUANAITHEACHT-AG DÉANAMH NÍOS MÓ LE NÍOS  LÚ 50 Marc

 

Déan cur síos ar an gcaoi a gcuidíonn do ghníomhaíochtaí le d’ionad a dhéanamh níos inbhuanaithe agus do thionchar ar an gcomhshaol a laghdú. Mar shampla, smaoinigh ar an gcaoi a n-úsáideann tú do chuid acmhainní (e.g. modhanna nó ábhair a úsáideann tú), i do chuid oibre tionscadail faoi cheann amháin nó níos mó de na príomhthéamaí seo a leanas: inbhuanaitheacht, uisce, iompar, dramhaíl, fuinneamh, agus gníomhaíocht aeráide. Déan cur síos ar ghníomhaíochtaí feasachta a dhéantar ar fud do phobail agus tabhair mionsonraí ar aon bhaint le Grúpaí Pobail eile sa chatagóir seo.

Luaigh le do thoil má chuir tú isteach Gradam Speisialta a bhaineann leis an gcatagóir seo.

Liostaigh tionscadail a rinneadh ón 1 Meitheamh, 2019 lena n-áirítear,  tionscadail nua (N) a cuireadh i gcrích i mbliana, tionscadail roimhe seo atá feabhsaithe nó coinnithe agat (M) agus tionscadail amach anseo (FP) atá beartaithe agat a fhorbairt. Bheadh sé ina chuidiú dá bhféadfá do thuairiscí tionscadail a uimhriú agus dáta a thionscnamh agus a chríochnú, más infheidhme.

Nóta: Cinntigh le do thoil go ndéantar tagairt uathúil do gach tionscadal tosaíochta ar do mhapa agus ar finscéal trí na huimhreacha tagartha a shanntar thíos a úsáid.

 

_______________________________________________________

 

Tá an Coiste ag díriú ar an gcuid seo den chomórtas faoi thrí cheannteideal

Laghdú (Reduce), Athúsáid (Reuse) agus Athchúrsáil (Recycle):

 

Laghdú

Tá polasaithe á mbrú chun cinn sna scoileanna ag iarraidh iallach a chur ar

thuismitheoirí an pacáistiú a bhíonn á úsáid a laghdú – moltar do dhaoine boscaí lóin a úsáid in ionad an lón a chur i cling film agus a leithéid sin.

Tacaíonn an Coiste go hiomlán leis na polasaithe seo agus tugtar a oiread cúnaimh agus is féidir ina leith.

 

 

Chuireamar béim faoi leith i mbliana ar laghdú a dhéanamh ar an méid

plaisteach a bhíonn in úsáid ag an bpobal. Chuamar go dtí an meánscoil áitiúil Scoil Mhuire chun cainte leis na daltaí faoin dtabhacht a bhaineann le h-úsáid  ábhair plaisteach a laghdú, agus faoi athchúrsáil a dhéanamh ar an bplaisteach chomh maith. Mar thoradh ar an gcaint sin, tá scairdeán uisce curtha ar fáil anois dos na daltaí chun nach gá dóibh buidéil uisce a cheannach nó gur féidir leo ath-úsáid a bhaint as buidéil plaisteacha uisce. Chomh maith leis sin tá beirt

mhúinteoirí sa mheánscoil tar éis teacht ar choiste.

 

Athúsáid Bailiúchán Éadaí

Eagraíonn Coiste na mBailte Slachtmhara agus Coiste Tuismitheoirí

Scoil Fhionnbarra laethanta bailithe éadaí ar a laghad dhá uair sa bhliain, ag tabhairt deis do dhaoine sean-eadaí a thabhairt chun na scoile agus faigheann an scoile airgead as an éadach sin.

 

 

Tugann na feachtais seo éachtaint do na páistí scoile ar an gcaoi nach gá gur bruscar/dramhaíl a bhíonn in éadach atá úsáidte acu féin. Léargas atá ann

i ndáiríre ar an seanfhocal “Is milis é praiseach na gcomharsan”, is maith a thuigeann na páistí é sin agus cuireann sé iallach orthu fiú a gcuid bréagán féin a mhalartú lena chéile agus a leithéid sin.

 

Caidéal Uisce

Tá fógra cúrtha ar an cadéil uisce i lár na sráide. Iarann sé ar daoine a buidéal uisce a ath-líonadh anseo. Tá an usáid á bhaint ag mhuintir na háite as.

 

 

 

Athchúrsáil

Bailiúchán Miotail Chaite

Tá áit faoi leith eagraithe againn(Clós Fionnie) ina féidir le daoine a gcuid miotail chaite  a chuir aon uair i rith na bliana.

Is slí iontach é seo do dhaoine fáil réidh le haon sean-bhlúirí miotail atá caite sa bhaile acu.

 

Dramháil Bia

Bhí ball do coiste pairteach ag cúrsa/ceardlann ar líne ‘Stop Food Waste’

 

Bike Repair

Tá an t-ádh linn go bhfuil bothán socrú rothair againn sa tsráid. Le cabhair ón mbotán seo tá sean rothair maisithe i ndathanna geala le ciseán gleoite le bláthanna iontu mórtimpeall na sráide.

https://photos.app.goo.gl/D8qwTX5Ry4G4QhH8A

 

 

Plandaí sa bhreis/’swap’

Ó am go chéile bíonn bórd ós comhar an tsiopa áitiúil againn a bhailíonn plandaí atá sa bhreis ag daoine nó aon luibheanna nó plandaí atá sa bhreis againn i Casadh na Spride. Tá an phobail in ann teacht ar úlla, cnónna & luibheanna i ngairdín an phobal i Casadh na Spride.  

 

 

Banc na mBuidéal

 

Tá an áthas orainn gur bhogamar láthair bhanc na mbuidéal chuig áit níos oiriúnaí taobh leis an Halla i mbliana. Tá plean againn an suíomh seo a dheisiú agus a dhéanamh níos tarraingteach.

 

Stáin

Cuireadh ‘Wheelie Bin’ in aice le Banc na mbuidéil chun cannaí beoir a bhailliú & tá plean againn chun slínte a dhéanamh astu i gcomhair dianta tithe mádraí & tithe gloinne.

 

 

An Leabharlann Bheag

Tá leabharlann curtha again san structúr Gazebo i Casadh na Spride. Is féidir le muintir na háite leabhar a chuir leis an bailiúcháin nó leabhar a thógaint ar iasacht. Tá gach éinne ag baint sult as seo.

 

 

R-phost Díola & Ceannaigh

 

Cuireadh tús i mbliana le ríomhphost díola agus ceannaigh (buy and sell) a théann amach le nuachtlitir Béal Átha Abú chun deis a thabhairt do dhaoine ábhair agus earraí éagsúla a mhalartú lena chéile seachas bheith ag caitheamh rudaí sa bhruscar.

Mar a deir an seanfhocal – bíonn blas ar phraiseach na gcomharsan!

 

TART (Taisteal Áitiúil Rural Transport)

Seo seirbhís atá tosnaithe le déanaí. Tá grúpa WhatsApp bunaithe do dhaoine go

bhfuil suim acu taxi a fháil go dtí an tigh tabhairne agus abhaile arís. Tá róta do gach tráthnóna agus oíche Sathairn agus Domhnaigh. Is córas

 sábhailte, inchéadfaithe agus cairdiúil é seo. Níl aon costas air seo. Laghdaíonn sé an méid gluaisteán ar an mbóthar agus tá gluaisteán leictreach amháin rann

pháirteach ann. Tá an suim curtha ag daoine sa ghluaisteán leictreach…..is comhartha maith é seo don todhchaí. Tá stop le seo faoi láthair toisc sriannta Covid ach beidh An TART ag feidhmú arís go luath.

 

Plean Fuinneamh

Táimid páirteach i bplean fuinnimh Ghaeltacht Mhúscraí le déanaí. Bhí dhá

cruinniú againn i mBéal Átha’n Ghaorthaidh a bhí oscailte do phobail chun

eolais a thabhairt do mhuintir na háite.  Bhí cainteoir ó SEAI (Sustainable Energy Authority of Ireland) i láthair a dírigh sinn ar an mbóthar ceart. Toisc an timpeallacht iontach atá againn agus an méid abhainn is loch atá in ár gceanntar moladh duinn smaoineamh ar fuinneamh hidrileictreach sa todhchaí.

Tá roinnt tithe I BAG páirteach I Ré Nua – Retro Fit . Féach nasc

http://muscrai.org/retrofit/

 

FÉACH PLEAN 5 BLIANA

 

 

 

 

 

 

SLACHT AGUS SRIANADH BRUASCAIR               90 Marc

 

Slacht: Easpa tranglam ginearálta, cosáin bhac, cuaillí iomarcacha, cáblaí leictreacha gránna lasnairde, easpa graifítí agus postáil eitilt, agus fianaise ar rialú fás fiailí ag colbhaí. Easpa fógraíochta gránna agus nó míchuí, mar shampla fógraíocht ar bheanna foirgneamh agus meirgí fógraíochta olltáirgthe in aghaidheanna siopaí. Tabhair faoi deara le do thoil, cé go ndéantar slacht ginearálta a mheas agus a mharcáil sa chatagóir seo, go ndéantar slacht a mheas faoi gach catagóir.

Bruascar: Déanfaidh an moltóir measúnú ar easpa bruscair agus dumpála, fianaise ar straitéis rialaithe bruscair, lena n-áirítear patróil bhruscair rialta, deighilt bruscair bhailithe le linn glantacháin agus feasacht frith-bhruscair a chur chun cinn ar fud an phobail.

Luaigh le do thoil má chuir tú isteach Gradam Speisialta a bhaineann leis an gcatagóir seo.

Liostaigh tionscadail a rinneadh ón 1 Meitheamh, 2019 lena n-áirítear, tionscadail nua (N) a cuireadh i gcrích i mbliana, tionscadail roimhe seo atá feabhsaithe nó coinnithe agat (M) agus tionscadail amach anseo (FP) atá beartaithe agat a fhorbairt. Bheadh sé ina chuidiú dá bhféadfá do thuairiscí tionscadail a uimhriú agus dáta a thionscnamh agus a chríochnú, más infheidhme.

Nóta: Cinntigh le do thoil go ndéantar tagairt uathúil do gach tionscadal tosaíochta ar do mhapa agus ar finscéal trí na huimhreacha tagartha a shanntar thíos a úsáid:

Slachtmhaireacht: Easpa tranglam go ginearálta,  cosáin bhlocáilte, cuaillí nach bhfuil in úsáid, cáblaí leictreachais lastuas gránna, gan graifítí agus postaeir ar na mballaí agus fianaise ar smacht a choinneáil ar fiailí ag fás ag ciumhaiseanna. Easpa fógraíocht gránna agus/nó míoiriúnach mar an cineál a bhíonn ar bheanna      

Foirgneamh agus meirgí fógraíochta olltáirgthe i bhfuinneoga siopaí. Tabhair  ar aird, le do thoil, cé go ndéantar meastóireacht agus marcáil ar shlachtmhaireacht ghinearálta sa       chatagóir seo, breithnítear  slachtmhaireacht faoi chatagóirí eile chomh   maith,         lena náirítear Oidhreacht Thógtha & Sráid-­dhreacha, Bóithre  Isteach,        Sráideann agus Lánaí. Bruscar: Déanfaidh an moltóir measúnú ar an easnamh bruscair agus dumpála,        fianaise ar straitéis rialaithe bruscair, patróil bruscair rialta       san áireamh, bruscar         bailithe a scagadh le linn glantachán agus feasacht ar bhearta frithbhruscair a chur chun cinn ar fud an phobail.      

   

 

Tabhair  liosta de na tionscadail ar tugadh  fúthu an bhliain  seo  2018/2019.  

_____________________________________________________________  

Lá Glantacháin Eagraíodh an Lá Glantacháin bhliantúil i ndúthaigh Bhéal Átha’n Ghaorthaidh i mí Aibreáin, áit inar bhailigh an pobal áitiúil le chéile maidin Shathairn amháin chun glantachán mór a dhéanamh sa sráidbhaile féin agus ar  na mbóithre rochtana isteach sa sráidbhaile. Bhí an Coiste thar a bheith sásta leis an slua a tháinig amach an mhaidin sin, idir óg agus aosta araon, chun cúnamh a thabhairt.  Bailíodh carn mór málaí mór bruscair an mhaidin sin amháin, an chuid  is mó den bhruscar sin á bhailiú lasmuigh den sráidbhaile féin ar feadh na mbóithre rochtana. I mbliana toisc sriannta Covid chuireamar teaghlaigh le chéile mar grúpa seachas daoine éagsula a mheascadh lena cheile.

Rinne daltaí Scoil Mhuire bailiúchán bruscar ó am go chéile i rith na

 bliana freisin.

 

Straitéis Rialaithe Bruscair

Tá sé tugtha faoi ndeara againn go bhfuil líon níos mó trácht ag dul tríd ár sráidbhaile. Táimíd ag ceapadh gur toisc sriannta Covid tá daoine ag baint níos mó úsáid as na háiseanna in aice leo & ag taisteal mórthimpeall na hÉireann seachas taisteal thar lear. Tá Béal Átha’n Ghaorthaidh ar an phríomh bealach go Iarthar Chorcaí agus gan amhras An Gúgán siar an bóthar uainn.

Stopann an chuid den trácht seo ag an siopa áitiúil nó ag an ‘chipper’ atá again i lár na sraide.

*Taimíd tar éis níos mó boscaí bruscar a chuir ar fáil.

* Bíonn orainn na boscaí bruscar seo a follmhú níos minicí & siúl géarr a choiméad orthu.

Tá comharthaí in airde ar fud an tsráidbhaile le blianta beaga anuas, ar an slí isteach sa sráidbhaile ach go háirithe, ag iarraidh ar dhaoine an áit a choimeád glan agus gan bruscar a chaitheamh. Tá an Coiste den tuairim go bhfuil na comharthaí seo tar éis an beart a dhéanamh agus gur beag daoine ag gabháil an treo a chaitheann bruscar amach ó fhuinneoga na ngluaisteán nuair a fheiceann siad na comharthaí seo.

https://photos.app.goo.gl/vWQ9ojBjhA4J62c59

An Gúgán https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/home-3/

 

 

Boscaí Bruscair

Tá 4 bhosca bruscarir sa sráidbhaile anois againn agus súil á choimeád ar an gCoiste orthu sin.

 

Patról Bruscair

Tá an Coiste ag leanúint leis an bpatról bruscair arís i 2021 áit ina thagann teaghlaigh éagsúla le chéile ar a laghad dhá lá sa tseachtain idir mí na Bealtaine agus mí Lúnasa, agus ar a laghad uair sa tseachtain don chuid eile den bhliain chun bruscar a bhailiú agus súil a choimeád ar aon ‘black spots’ a d’fhéadfadh a theacht chun cinn sa sráidbhaile.Cinntíonn an patról bruscair seo chomh maith go bhfuil na boscaí bruscair sa sráidbhaile á bhfollmhú go rialta de réir mar is cuí agus nach bhfuil dumpáil mídhleathach ar bun in aon áit sa sráidbhaile.Tá idir óg agus aosta araon sáite sa phatról bruscair agus is iondúil nach mbíonn ar aon ghrúpa teacht amach ar phatról ach uair sa mhí le linn an ama is gnóthaí den bhliain agus uair gach dhá mhí ina dhiaidh sin. Bíonn an patról á dhéanamh ó cheann ceann an tsráidbhaile idir na gcomharthaí luasteorainn.

*Sa ríomhphost seachtanúil luaitear fadhbh an chach madra. Iarrtar ar dhaoine é a glanadh suas ina diaidh.

* Tá duine ar an coiste againn a deineann scuabadh ar suíomh Banc na mBuidéal go rialta.

* Tá duine ar an coiste againn a deineann teagmháil leis na hÚdaras cuí i dtaobh aon posteirí agus ‘cable ties’ atá fágtha ar pollaí a bhaint nuair imíonn said as data.

* Baineadh an eidhneán ó na droichead áitiúil mar bhí eagla orainn go gcuirfidh sé isteach ar an structúir.

* Toisc an dianghlanú & péinteáil go léir atá déanta i mbliana tá an tsráid ag féachaint i bhfad níos slachtmhara.

Sweeper

Tá roinnt oibre déanta i gcomhar le Comharchumann Forbartha Mhúscraí agus Innealtóir na Comhairle Contae chun a chinntiu go mbeidh an Street Sweeper ón gComhairle Contae sa sráidbhaile go luath i mí an Mheithimh. Oibreoidh sé seo i gcomhar le lucht na Scéime Sóisialta Tuaithe.

FÉACH PLEAN 5 BLIANA

 

 

 

 

 

SRÁIDEANNA CÓNAITHE & RÉIMSÍ TITHÍOCHTA      

50 Marc

 

Tá sráideanna cónaithe lena n-áirítear Tithe Baile ina gcuid dhílis de bhailte agus sráidbhailte agus ba chóir caitheamh leo ar bhealach cosúil le forbairtí tithíochta poiblí agus príobháideacha. Déantar machnamh ar chur i láthair agus ar chothabháil cheart na réadmhaoine go léir agus tugtar aird chuí ar chothabháil éadan, teorainneacha agus ballaí deiridh binne. Ba cheart gairdíní, nuair is infheidhme, a chur i láthair ar chaighdeán maith. I bhforbairtí tithíochta, ba cheart limistéir ghlasa a bhainistiú go cuí le haghaidh bithéagsúlachta agus taitneamhachta. Áiteanna súgartha do leanaí a mheas le trealamh a chothabháil de réir na gcaighdeán is fearr. Nuair is féidir ba chóir go mbeadh comharthaí ainm oiriúnacha ag eastáit aonair – clocha, plaiceanna, comharthaí comharthaíochta, srl. Dátheangach b’fhéidir. Ní léireoidh eastáit neamhchríochnaithe go dona iarrachtaí aon phobail ach ba cheart aird a tharraingt ar shamplaí den chaoi a bhfuil an pobal ag tabhairt faoin gceist seo.

 

Luaigh le do thoil má chuir tú isteach Gradam Speisialta a bhaineann leis an gcatagóir seo.

Liostaigh tionscadail a rinneadh ón 1 Meitheamh, 2019 lena n-áirítear, tionscadail nua (N) a cuireadh i gcrích i mbliana, tionscadail roimhe seo atá feabhsaithe nó coinnithe agat (M) agus tionscadail amach anseo (FP) atá beartaithe agat a fhorbairt. Bheadh sé ina chuidiú dá bhféadfá do thuairiscí tionscadail a uimhriú agus dáta a thionscnamh agus a chríochnú, más infheidhme.

Nóta: Cinntigh le do thoil go ndéantar tagairt uathúil do gach tionscadal tosaíochta ar do mhapa agus ar finscéal trí na huimhreacha tagartha a shanntar thíos a úsáid.

Is cuid lárnach de bhailte agus de shráidbhailte iad sráideanna cónaithe a bhfuil Tithe Baile orthu, agus ba chóir caitheamh leo ar an tslí céanna le forbairtí tithíochta príobháideacha agus poiblí. Breithnítear cur i láthair agus cothabháil cheart maidir le gach maoin agus tugtar aitheantas cuí do chothabháil ar éadanais, ballaí teorann agus ballaí binne. Ba chóir gairdíní, nuair is ann dóibh, a chur i láthair chuig caighdeán maith. Ba chóir limistéir ghlasa a lomadh go rialta. Ní mór aird a thabhairt ar áiteanna súgartha do leanaí agus trealamh a choimeád ar ardchaighdeán. Ba chóir comharthaí ainmneacha oiriúnacha a chur ag eastáit tithíochta ar leithligh, clocha, plaiceanna, cuaillí eolais, etc., agus is fearr má bhíonn siad dátheangach. Ní bhreathnófar ar eastáit neamhchríochnaithe mar dhroch-léiriú ar iarrachtaí aon phobail, ach ba chóir samplaí a thabhairt den tslí a bhfuil an pobal ag tabhairt aghaidh ar an gceist sin.

 

____________________________________________________________________

 

I ndáiríre tá lucht cónaithe Bhéal Átha’n Ghaorthaidh go seoigh chun aire a thabhairt dá gcuid tithe agus gairdíní agus mórtas a bheith acu ina spás féin. Cabhraíonn comharsana le chéile i dtaobh péinteála agus plandála. Tugann

an Coiste cúnamh, comhairle agus tacaíocht gach bliain do lucht cónaithe an

tsráidbhaile lena gcuid gairdíní agus boscaí bláthanna de réir mar is gá.

Gáirdíní  https://photos.app.goo.gl/639NMfK9QNo4jFSc6

 

 

Súilóid Stairiúil

I rith an tSamhraidh 2020 cuireadh fógraí stairiúla in áirde ar aon foirgnimh sa sráidbhaile a bhfuil píosa stair ag baint leis.

https://ballingeary.com.cpanel4.webhost.ie/elementor-1347/

 

 

An Bóthar ó Thuaidh

Chuireann an cosáin & drompla nua ar an mbóthar ó thuaigh ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh go mór leis an sraith seo. Tá ceapach bláthanna ardaithe déanta againn idir an cosáin nua & an claí & plandaí pailneoir bliantúil curtha againn ann – Rósanna & Geranium.

Tá sé ar intinn againn freisin cúpla gabhdán plandaí a chuir in áiteanna oiriúnach taobh leis an cosáin nua seo freisin.

Luaigh an moltóir anuraidh faoi na tithe nua ar an mbóthar go Baile Mhúirne.

Tá tús curtha ag na tithe seo lena chuid gairdíní a chuir in ord. Mar is eol don mholtór tarlaíonn na rudaí seo de réir a chéile ach is iontach go bhfuil tús curtha leo.

https://photos.app.goo.gl/JyTnoqgY7DLs4rC58

 

 

Cuan Barra & Spraoi na Laoi

Oibríonn an Choiste go dlúth le lucht bainistíocht Cuan Barra & Spraoi na Laoi.

Tá 3 tithe nua sóisialta tógtha taobh le Cuan Barra agus táid críochnaithe go gleoite le péinteáil agus plandáil timpeall orthu. Cúl leis na tithe cuireadh fál nua in áit a raibh seana cheann. Is féidir an fál seo a feiscint ón pairc Spraoi.

 

Oibríonn an Coiste go dlúth le lucht na Scéime Sóisialta Tuaithe chun a chinntiú

go gcoimeádtar tailte Cuan Barra, an scéim tithíochta sóisialta don aosach i mBéal Átha’n Ghaorthaidh, i ndea-riocht i gcónaí.

Tá trí phríomh eastát tithíochta sa tsráidbhaile:

 

Áras Séamus Ó Seaghdha

Áras Naomh Ronán

Áras Naomh Fionnbarra

 

Ceapadh ceannaire i measc na n-áitritheoirí i ngach eastát.

Déanadh léirmheas ar shlachtmhaireacht agus dealramh gach eastáit.

Cuireadh comórtas ar bun idir na trí eastát, ar a ndéanfar moltóireacht ar feadh

an tsamhraidh go léir. Tá Coiste na Bailte Slachtmhara taréis bláthanna ar

chostas íslithe a thairiscint dos na h- áitritheoirí. Tá cóip des na sonraí a bhaineann leis an gcuid seo de Chomórtas na mBailte Slachtmhara tugtha do gach áitritheoir, agus foilsithe sa nuachtlitir seachtanúil chomh maith.

 

Sráideanna tithíochta an tsráidbhaile:

Tá na sonraí is tabhachtaí a bhaineann leis an rannóg seo de Chomórtas na mBailte Slachtmhara curtha in iúl do áitritheoirí na sráideanna tríd an nuachtlitir seachtainiúil ríomhphoist. Tá an coiste taréis dul i dteagmháil le h-úinéirí na dtithe gan chónaí. Tá obair dheisiúcháin agus péinteáil déanta ar dhá cheann des na tithe sin.

Aon falla poiblí sa tsráid tá dianghlanadh & péinteáil déanta air.

Thug an obair seo go léir spreagadh do úineirí na dtithe príobhaideach glanadh & peinteáil a dheanamh ar a dtigh féinigh. A mhóltóir…..an féidir le do thoil an iarracht atá déanta ag na daoine/tithe seo a mholadh sa tuairise………Mar is eol don moltór téann beagáin moladh i bhfad.

Péinteáil https://photos.app.goo.gl/vhgPX3XzGkvB4o1GA

 

FÉACH PLEAN 5 BLIANA

 

 

BÓITHRE CUR CHUIGE, SRÁIDEANNA AGUS LÁNAÍ

50 Marc

 

Cur i láthair cuí ar bhóithre isteach, lena n-áirítear na ciumhaiseanna ar thaobh an bhóthair agus a gcóireáil teorann. Cuma sráideanna baile agus sráidbhaile, bóithre ceangail, timpealláin laistigh de na 60 kph, lánaí, droichid agus lánaí rothar. Soláthar do rochtain chuimsitheach agus naisc do choisithe.

 

Luaigh le do thoil má chuir tú isteach Gradam Speisialta a bhaineann leis an gcatagóir seo.

Liostaigh tionscadail a rinneadh ón 1 Meitheamh, 2019 lena n-áirítear, tionscadail nua (N) a cuireadh i gcrích i mbliana, tionscadail roimhe seo atá feabhsaithe nó coinnithe agat (M) agus tionscadail amach anseo (FP) atá beartaithe agat a fhorbairt. Bheadh sé ina chuidiú dá bhféadfá do thuairiscí tionscadail a uimhriú agus dáta a thionscnamh agus a chríochnú, más infheidhme.

Nóta: Cinntigh le do thoil go ndéantar tagairt uathúil do gach tionscadal tosaíochta ar do mhapa agus ar finscéal trí na huimhreacha tagartha a shanntar thíos a úsáid.

______________________________________________________________

Déantar gach iarracht i gcónaí na bóithre isteach i dtreo an tsráidbhaile a

choimeád i ndea-riocht a oiread agus is féidir.

 

An bóthar ó Bhaile Mhúirne/Réidh na nDoirí

Tar éis ana chuid de bhlianta ag teagmháil leis an gComhairle Chontae faoi dheireadh tá cosáin nua agus drompla nua ar am mbóthar seo. Cuireadh péint bóithire & threocomharthaíocht nua ann. Chuir an mBórd Solathar Leitreachas pollaí agus córas soilse nua isteach. Cuir sé go mór leis an áit agus cinnte beidh an mbóthar níos sábhailte dá bharr.

 https://photos.app.goo.gl/JyTnoqgY7DLs4rC58

 

Rinneadh dian ghlanú & péinteáil ar falla an linn snámha. Bhí a paiste féin ag gach teaghlach.

https://photos.app.goo.gl/Tog5uYsgP4K7AKH26

 

 

 

An bóthar ó Inse Geimhleach/Maigh Chromtha

Mar atá luaite roimhe seo tá tuilleadh oibre ar bun i mbliana chun an

 áit mórthimpeall ar Shruthán an Mhuilinn agus Cros an Mhuillinn ar an

slí isteach sa sráidbhaile ó thaobh Inse Geimhleach/Maigh Chromtha a

choimeád i ndea-riocht.

 

 

Lena chois sin ag Cúinne Chuan Barra (an casadh fada) áit ina bhfuil fál adhmaid ar thaobh na láimhe clé ag dul i dtreo an tsráidbhaile tá roinnt oibre déanta chun an leaba bláthanna a dheisiú. Beidh orainn roinnt plandaí nua a chuir.

 

Trasna an bhóthair ón áit sin tá na sceacha agus crainn ar thaobh an bhóthair

le gearradh siar a thuilleadh go luath chun cuma níos néata a thabhairt don áit.

Tá ceapach bláthanna/plandaí anseo agus beifear cinnte an láthair seo a choimeád i ndea-riocht. Imbliana chuireamar coirceog lámhdéanta ildaite sa suíomh seo. Féachann sé an tarraingteach.

https://photos.app.goo.gl/LryJWNd9GfSgbgq96

 

 

An bóthar ó Bheanntraí

Tugadh faoi roinnt oibre i mbliana chun na sceacha agus an scrobarnach mórthimpeall na gcomharthaí bóthair san áit seo a ghlanadh. Tar éis teagmháil leis an Comhairle Chontae chuir said comharthaí treoraithe nua in áit. Tá fálú curtha mórthimpeall ar na comharthaí & roinnt bláthanna freisin. Tá cumas i bhfad níos deise ar an áit.

Is obair leanúnach é Cuma maith a choiméad ar na leapacha bláthanna taobh leis an droichead.

Tá cead faighte againn ón Comhairle Chontae leanúint leis an córas soilsiú & breis soilse a chuir anseo. Caithfimid iad a choiméad faoi bhrú & é a chuir i gcuimhne dóibh go rialta go bhfuil an jab seo le déanamh acu. Tá siúl againn freisin go gcuirfimid soilse ar an droichead a bheidh ag lonrú ar an abhainn atá ag sní faoi. Táimid ag lorg maoiniú faoin ‘Village Amenity Grant’ do siúd.

https://photos.app.goo.gl/Bj153LvvA1zTCYGX9

 

 

Cosáin sa sráidbhaile

Déantar gach iarracht i gcónaí na cosáin sa sráidbhaile a choimeád saor ó fhiailí i gcónaí agus cuirtear aon scoilteacha sna cosáin in iúl don chomhairle áitiúil de réir mar is gá.

 

Tá cosán nua os comhair tigh an tsagairt chun an siulóid ó Scoil Mhuire go dtí an siopa a dhéanamh níos sábháilte do dhaltaí meánscoile agus do shiúlóirí araon. Cuireadh isteach comharthaí nua grianchumhachtaithe ar dhá thaobh an tsráidbhaile chun an teorainn luais a léiriú níos soiléire.      

 

  • Tá na comharthaí bóthaire go léir nite againn & roinnt acu a bhí géar gá le péint orthu rinneamar an jab.
  • Tá morán sean rothair le péint geal & plandaí iontu curtha mórthimpeall na sráide.
  • Tá ‘Báidín Allie’ maisithe & plandála go gleoite ar an phríomhbóthar isteach go Bhéal Átha’n Ghaorthaidh.
  • Tá teagmháil déanta againn leis an Comhairle Chontae i dtaobh na comharthaí luas (50km) in aice leis an páirc spraoi a bhogadh amach níos faide ón áit ina bhfuil sé. Cinnte bheadh sé níos sábhailte é seo a dhéanamh toisc líon na bpáistí mórtimpeall na háite seo ach go háraithe.

 

https://photos.app.goo.gl/EhMQBCYciD4ajZR57

 

 

PLEAN 5 BLIANA

 

 

 

 

 

AG MAPÁIL DO BHAILE NÓ SRÁIDBHAILE

 

Tabhair léarscáil de do bhaile / sráidbhaile / cheantar le do thoil le  sráidainmneacha agus logainmneacha agus sainchomharthaí tíre feiceálacha. Ba cheart suíomhanna do chuid cothabhála agus / nó oibre nua do chomórtas na bliana seo a mharcáil freisin.

Déan cinnte go bhfuil gach tionscadal liostaithe go soiléir i bhfinscéal na léarscáile.

Féach ar na téarmaí agus coinníollacha 2021 ar www.Bailte Slachtmhara.ie

Tabhair faoi deara an chomhairle seo a leanas;

  • Tá léarscáil lámh-tharraingthe inghlactha mura bhfuil léarscáil fhoirmiúil chlóite ar fáil nó oiriúnach.
  • Ba chóir go mbeadh an léarscáil de mhéid inbhainistithe, A4 nó A3 ag brath ar leagan amach do bhaile nó sráidbhaile.
  • Ainmnigh sráideanna / bóithre tosaíochta de réir mar is gá agus marcáil na príomhfhoirgnimh phoiblí / sainchomharthaí tíre.
  • Moltar duit gan mapáil Google a úsáid.
  • B’fhéidir go mbeadh Léarscáileanna ‘Áit’ Uirbeach Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann (nó Tuaithe de réir mar is infheidhme) an-úsáideach.
  • Tá finscéal soiléir riachtanach; cinntigh le do thoil go gcuirtear seicheamh uathúil uimhrithe i bhfeidhm.
  • Is féidir samplaí de léarscáileanna éifeachtacha a fháil ach cuairt a thabhairt ar www.Bailte Slachtmhara. ie.
  • Cinntigh le do thoil go soláthraíonn tú Eircode do shainchomharthaí suntasacha sa chuid “Maidir Leatsa” den fhoirm. Sainaithin freisin cá bhfuil áiseanna poiblí ar fáil.
  • Tá grafbhileog le húsáid má tá léarscáil lámh-tharraingthe á cur isteach ar fáil ag www.Bailte Slachtmhara. ie más mian leat é a úsáid.

Léarscáil do sráidbhaile Bhéal Átha’n Ghaorthaidh.

https://www.google.com/maps/d/u/1/edit?mid=1EQ-RV31Wx_SMAtiOQ-aqH5GaFUpTQ1Rl&usp=sharing

Leave a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *